Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 9:4

An Bíobla Naofa 1981

Ná habair i do chroí tar éis don Tiarna do Dhia iad a dhíbirt romhat: ‘Is de bharr mo fhíréantachta féin a chuir an Tiarna i seilbh na tíre seo mé,’ tráth is gur de bharr a gcoirpeachta atá an Tiarna ag díbirt na gciníocha sin romhat.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Fillfidh siad ar ais anseo sa cheathrú glúin, mar níl urchóid na nAmórach iomlán fós.”

“Dá bhrí sin, abair le muintir Iosrael: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Ní dhéanaim seo, a mhuintir Iosrael, ar bhur sonsa, ach ar son m'ainm naofa a thruailligh sibh i measc na gciníocha mar a ndeachaigh sibh.

Bíodh fhios agaibh nach ar bhur sonsa a dhéanaim é seo - an Tiarna Dia a labhraíonn. Bíodh náire agus imní oraibh mar gheall ar bhur n‑iompar, a mhuintir Iosrael.

Ná déanaigí amhail dhéanann siad san Éigipt mar a raibh cónaí oraibh tráth; ná déanaigí amhail dhéanann siad i gCanán mar a bhfuil mé do bhur dtabhairt. Ná géilligí dá ndlíthe.

Tá go maith, ach is mar gheall ar easpa creidimh a scoitheadh iad agus is é do chreideamh atá do do choimeádsa suas. Ná bíodh aon éirí in airde ort, dá bhrí sin, ach eagla.

Agus más trí ghrásta a toghadh iad ní de bharr oibreacha é, mar dá mba ea níor ghrásta an grásta a thuilleadh.

mar siúd is go bhfuil coinsias glan agam ní fhágann sin neamhchiontach mé. Is é an Tiarna féin a thugann breith ormsa.

Cé a thugann an seasamh ar leith duitse? Céard atá agat nach bhfuair tú? Agus más amhlaidh a fuair tú é, cad ab áil leat bheith ag maíomh as faoi mar nach bhfuair tú é.

Ná déan mar sin leis an Tiarna, do Dhia. Óir is gráin leis an Tiarna é seo uile agus is fuath leis a ndéanaidís dá ndéithe - dhéanaidís fiú a gclann mhac agus iníonacha a loscadh sa tine dá ndéithe.

óir is eol dom a cheannaircí agus a cheanndáine atá tú. Má thugann sibh dúshlán an Tiarna inniu féin agus mé beo fós in bhur measc, nach mó ná sin go mór a thabharfaidh sibh a dhúshlán tar éis mo bháis!

Seachain agus ná habair i do chroí istigh: ‘Is é mo chumas féin agus neart mo láimhe a ghnóthaigh an saibhreas seo dom.’

Tá sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna ón lá a chuir mé aithne oraibh.

Ní de bharr do fhíréantachta ná do dhúthracht croí atá tú ag dul i seilbh na tíre seo leo, ach de bharr choirpeacht na gciníocha seo tá an Tiarna do Dhia á dhíbirt romhat agus chun go gcoimeádfadh sé an briathar a mhionnaigh sé do d'aithreacha d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób.

“Cuimhnigh air agus ná déan dearmad de conas mar a ghriog tú an Tiarna do Dhia chun feirge san fhásach. Ón lá a tháinig tú amach as tír na hÉigipte go dtí gur tháinig tú chun na háite seo, bhí sibh i gceannairc in aghaidh an Tiarna.

Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomhghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí