Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 9:17

An Bíobla Naofa 1981

Rug mé greim dá bhrí sin ar an dá chlár agus chaith mé síos le mo dhá láimh iad agus bhris os bhur gcomhair iad.

Féach an chaibidil Cóip

3 Tagairtí Cros  

Nuair a dhruid sé leis an gcampa agus go bhfaca sé an lao agus an rince, las fearg Mhaois, agus chaith sé na leaca uaidh as a lámha agus bhris iad ag bun an tsléibhe.

D'fhéach mé uaim, agus b'shiúd sibhse agus peaca déanta agaibh in aghaidh an Tiarna bhur nDia; bhí lao de mhiotal leáite déanta agaibh daoibh féin; níorbh fhada an mhoill oraibh claonadh ón tslí a d'aithin an Tiarna daoibh.

Ansin thit mé ar mo bhéal agus ar mo fhiacla i láthair an Tiarna; dála na huaire roimhe sin, chaith mé daichead lá agus daichead oíche mar sin gan greim bia a ithe, ná bolgam uisce a ól, ar son an pheaca go léir a rinne sibh ag déanamh cionta is fuath leis an Tiarna, agus á ghriogadh chun feirge.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí