Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 9:12

An Bíobla Naofa 1981

dúirt an Tiarna liom: ‘Fág an áit seo agus imigh leat síos go tapa, óir an pobal a thug tú amach as an Éigipt, tá feall déanta acu. Ba bheag an mhoill orthu claonadh ón tslí a d'aithin mé dóibh; tá íol de mhiotal leáite déanta acu dóibh féin.’

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Thug siad droim láimhe leis mar a rinne a n‑aithreacha; ba chosúil iad le bogha ar fiar.

Dúirt Maois leis an bpobal: “Cuimhnígí ar an lá seo a tháinig sibh amach ón Éigipt ó theach na daoirse; óir is le neart a láimhe a rug an Tiarna sibh amach as; ná hitear aon arán gabháilte.

Nuair a chonaic an pobal go raibh moill mhór ar Mhaois ag teacht anuas on sliabh, chruinníodar timpeall ar Árón agus dúradar leis: “Corraigh, déan dia dúinn le gabháil romhainn; Maois seo againn, an fear a thug sinn amach as tír na hÉigipte, ní eol dúinn cad a d'imigh air.”

Cad a dhéanfaidh mé leat, a Eafráim? Cad a dhéanfaidh mé leat, a Iúdá? Ní buaine bhur ngrá ná néal maidine, ná an drúcht a imíonn as radharc go luath.

Is ionadh liom a thapúla atá sibh ag tréigean an té a ghlaoigh oraibh i ngrásta Chríost agus ag iompú ar dhea-scéal eile.

Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a d'aithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t‑olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.”

Rinneadar coirpeacht, an chlann a ghin sé gan cháim; ál fealltach cam iad.

féachaigí chuige nach ndéanann sibh claonbheart agus íomhá shnoite a dhéanamh daoibh féin de chló dúile ar bith, cibé acu i gcosúlacht fir nó mná é,

Cuimhnigh go raibh tú féin i do sheirbhíseach i dtír na hÉigipte agus go dtug an Tiarna do Dhia amach as siúd thú le láimh láidir agus le géag ar tinneall; uime sin d'aithin an Tiarna do Dhia duit an tsabóid a choimeád.

D'fhéach mé uaim, agus b'shiúd sibhse agus peaca déanta agaibh in aghaidh an Tiarna bhur nDia; bhí lao de mhiotal leáite déanta agaibh daoibh féin; níorbh fhada an mhoill oraibh claonadh ón tslí a d'aithin an Tiarna daoibh.

Ghuigh mé chun an Tiarna dá bhrí sin: ‘A Thiarna Dia,’ arsa mé, ‘ná scrios do phobal, d'oidhreacht a d'fhuascail tú le do mhórgacht, agus a thug tú amach as an Éigipt le do láimh láidir.

Ach is iad do phobal iad, agus d'oidhreacht, a thug tú amach le do neart agus do chumas agus le do ghéag ar tinneall.’

Ach an dream seo, maslaíonn siad an méid nach dtuigeann siad, agus na nithe is eol dóibh ó dhúchas dála na n‑ainmhithe éigiallta, is tríothu atáthar á scriosadh.

Más ea, ní éistfidís lena mbreithiúna, ach is amhlaidh a chuadar le striapachas i ndiaidh déithe eile agus shléachtadar dóibh. Ba róbheag an mhoill orthu casadh i leataobh ón mbealach a ghabh a sinsir, an bealach a ghabhadar de réir orduithe an Tiarna; níor leanadar a samplasan.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí