tír ina mbeidh arán gan ghannchúis le hithe agat gan aon ní in easnamh ort ann, tír arb iarann a chlocha agus ar féidir leat copar a bhaint as a shléibhte.
Dá [bhoichte] mé, tá céad míle tallann óir curtha i leataobh agam, milliún tallann airgid, agus oiread umha agus iarainn nach féidir a thomhas, le toirt. Tá adhmad agus clocha curtha i dtaisce agam agus ní mór duit cur leo.
Rinne Dáiví freisin soláthairtí móra iarainn a bhailiú le chéile le tairní a dhéanamh do chomhlaí na ndoirse agus tuislí; agus bhailigh sé níos mó cré-umha ná mar d'fhéadfaí a mheá,
agus dúirt leo: “Tá sibh ag filleadh abhaile lena lán maoine, le mórchuid eallaigh, le hairgead agus ór, le cré-umha agus iarann agus le flúirse éidí. Déanaigí creach seo bhur naimhde a roinnt ar bhur mbráithre chomh maith.”
Nuair a shroichfidh sibh é, beidh pobal gan chosaint romhaibh. Tá an dúiche fairsing; níl aon ní faoin spéir in easnamh ar an áit atá curtha faoi bhur smacht ag Dia.”