Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 8:12

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bheidh bia ite agat agus go mbeidh tú lán, agus nuair a thógfaidh tú tithe móra agus conaí iontu,

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.

Thug mé faoi oibreacha móra a dhéanamh. Thóg mé tithe agus phlandaigh mé fíonghort dom féin.

na daoine a deir: ‘[Nach bhfuil] sé in am againn tithe a thógáil? Is coire an chathair seo agus is sinne an fheoil.’

Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.

“An mithid daoibhse mar sin cónaí in bhur dtithe painéalta agus an teach seo ina fhothrach?”

Mar an gcéanna, amhail mar a bhí i laethanta Lót: bhí siad ag ithe, bhí siad ag ól, bhí siad ag ceannach, bhí siad ag díol, bhí siad ag plandáil, bhí siad ag tógáil;

“Dé bhrí nach ndearna tú seirbhís don Tiarna do Dhia le gairdeas agus le lúcháir de bharr flúirse na n‑iolmhaitheasaí,

Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.

[Chaith Iacób bia agus bhí a sháith aige;] Thit Isiriún chun feola agus thug speach. (Thit tú chun feola, chun méithris agus chun gaoithe.) Thréig sé an Dia a rinne é, mhaslaigh sé Carraig a shlánaithe.

“Nuair a thabharfaidh an Tiarna thú isteach sa tír a mhionnaigh sé do d'aithreacha, d'Abrahám, d'Íosác agus do Iacób a thabharfadh sé daoibh, mar aon le cathracha móra maithe nach tú a thóg,

nuair a thiocfaidh breis ar do tháinte agus ar do thréada, agus breis ar do airgead agus ar d'ór agus breis ar do mhaoin go léir,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí