Deotranaimí 8:10An Bíobla Naofa 1981Íosfaidh tú agus beidh do sháith agat agus beannóidh tú an Tiarna do Dhia ar son an fhearainn fhónta a thug sé duit. Féach an chaibidil |
An fear a dhéanann lá áirithe a chomóradh, is chun onóra Dé a dhéanann sé é. Agus an fear a chaitheann cineál áirithe bia is chun onóra Dé a chaitheann sé é agus is do Dhia a altaíonn sé. Agus an fear a staonann ó bhia áirithe is chun onóra Dé a staonann sé uaidh, agus is do Dhia a altaíonn seisean chomh maith.
Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.