Ach seo í an íde a thabharfaidh sibh orthu: scartálaigí a n‑altóirí, agus brisigí a n‑íomhánna, agus gearraigí anuas a gcuaillí naofa agus cuirigí tine lena n‑íola snoite.
Ní bhreathnóidh sé níos mó i leith na n‑altóirí, déantús a lámh féin, ná ní amharcfaidh ar an rud a rinne a mhéara féin, na cuaillí coisricthe agus galláin na gréine.
Ná déanaigí aon íola daoibh féin agus ná cuirigí aon dealbh shnoite ina seasamh, ná aon ghallán; ná cuirigí aon chloch ghreanta ina seasamh in bhur gcríocha le sléachtadh roimpi: óir is mise an Tiarna do Dhia.
ansin ní foláir daoibh an mhuintir go léir atá ina gcónaí sa tír a thiomáint amach romhaibh, agus a gclocha greanta go léir a scrios, agus a ndealbha leáite a scrios, agus a n‑áiteanna arda go léir a scartáil.
Loisc íomhánna snoite a ndéithe, gan dúil a chur san airgead ná san ór a chlúdaíonn iad, ná é bhreith leat duit féin le heagla go mba ghaiste duit é, óir is gráin leis an Tiarna do Dhia é.
Ansin thóg mé an saothar peaca, an lao a bhí déanta agaibh, agus rinne mé é a loscadh agus a bhriseadh ina smidiríní, agus a mheilt ina luaithreach mín, agus a luaithreach a chaitheamh sa sruthán a shníonn ón sliabh anuas.