Deotranaimí 7:2An Bíobla Naofa 1981agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu. Féach an chaibidil |
Sé freagra a thugadar ar Iósua: “Rinneamar amhlaidh mar go rabhamarna, do searbhóntaí, lándeimhin de gur ordaigh an Tiarna, do Dhia, do Mhaois, a ghiolla, an tír seo go léir a thabhairt daoibh agus a bhfuil ina gcónaí ann a scrios romhaibh; agus de réir mar a bhí sibh ag druidim linn tháinig scanradh inár mbeatha orainn romhaibh.