Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 7:18

An Bíobla Naofa 1981

ná bíodh eagla ort rompu, ach cuimhnigh cad a rinne an Tiarna do Dhia le Forann agus leis an Éigipt go léir,

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé; ar a mhíorúiltí agus ar bhreitheanna a bhéil.

Dúirt mé: “Is é mo laige a mheas gur chlaochlaigh deaslámh an Té is Airde.”

Bím ag cuimhneamh ar oibreacha an Tiarna; ar na hiontais a rinne tú fadó.

Rinne siad dearmad ar a ndearna sé agus ar na hiontais a nocht sé dóibh.

Thar ceann treibh Bhiniáimin, Pailtí mac Ráfú.

Ach dúirt an Tiarna le Maois: “Ná bíodh eagla ort roimhe, óir tá sé tugtha agam i do láimh, é féin agus a mhuintir agus a thír. Déan leis mar a rinne tú le Síochon, rí na nAmórach, a mhair i Heisbeon.”

Sin é an tír seo tugtha ar láimh daoibh ag an Tiarna bhur nDia; isteach libh, gabhaigí seilbh air mar a d'aithin an Tiarna Dia bhur n‑aithreacha daoibh; ná bíodh eagla oraibh ná easpa misnigh.’

Agus dúirt mé libh: “Ná bíodh scéin ná eagla oraibh rompu.

Beidh an Tiarna bhur nDia ag gabháil romhaibh amach agus é féin ag troid ar bhur son, faoi mar a rinne ar bhur son san Éigipt os comhair bhur súl.

“Nuair a rachaidh tú chun cogaidh in aghaidh do naimhde agus go bhfeicfidh tú capaill agus carbaid agus arm is mó ná d'arm féin, ná bíodh eagla ort rompu; óir tá an Tiarna do Dhia i do theannta, an té a thug amach thú as tír na hÉigipte.

Chuireamar faoi bhang iad mar a rinneamar le Síochon rí Heisbeon; chuireamar idir chathair is fhear agus bhean agus pháiste go léir faoi bhang.

Tabharfaidh an Tiarna ar láimh daoibhse iad agus déanfaidh sibh leo go beacht de réir gach aithne dár ordaigh mé daoibh.

Bíodh neart ionaibh, agus misneach agaibh; ná bíodh eagla ná scanradh oraibh rompu; óir is é an Tiarna do Dhia a théann libh; ní theipfidh sé ort, ná ní fheallfaidh ort.”

Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam.

Dúirt Gideón leis: “Má tá an Tiarna linn, a uasail, cén fáth, más ea, ar tharla na nithe seo uile dúinn? Agus cá bhfuil na héachtaí go léir a d'inis ár n‑aithreacha dúinn, á rá: ‘Nár thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn?’ Ach anois tá droim laimhe tugtha ag an Tiarna linn agus táimid tugtha isteach i láimh Mhidián aige.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí