Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 7:16

An Bíobla Naofa 1981

Scrios dá bhrí sin na ciníocha go léir a chuirfidh an Tiarna faoi do láimh; ná bíodh trua ná taise agat dóibh; ná déan seirbhís dá ndéithe mar gur ghaiste duit sin.

Féach an chaibidil Cóip

21 Tagairtí Cros  

Ní dhearna siad na náisiúin a dhíothú de réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh.

Thug siad fónamh d'íola na náisiún, gurb uime sin a cuireadh ó rath iad.

Ná déanaidís cónaí i do thír le heagla go gcuirfidís d'iallach ort peaca a dhéanamh i m'aghaidh agus go dtabharfá adhradh dá ndéithe agus go deimhin ba ghaiste duit sin.”

Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’

Mura dtiomáineann sibh dúchasaigh na tíre amach romhaibh, ansin iad siúd a fhágfaidh sibh ann, beidh siad mar dhealga in bhur súile agus mar bhioranna in bhur gcliatháin; ciapfaidh siad sibh sa tír ina mbeidh cónaí oraibh,

Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.”

ná géill dó, ná tabhair aird air, agus ná bíodh trua ná taise agat dó; ná déan anacal air agus ná cuir i bhfolach é,

ach cuirfidh tú chun báis é; do lámhsa is túisce atá le hardú ina aghaidh á chur chun báis, agus ina dhiaidh sin, lámh an phobail go léir.

Ná bíodh trua ná taise agat dó; déan peaca doirteadh fola an neamhchiontaigh a dhíbirt as Iosrael agus ansin beidh an rath ort.

Ná bíodh trua ná taise agat, ach bíodh anam ar anam, súil ar shúil, fiacail ar fhiacail, lámh ar láimh, cos ar chois.

teasc an lámh di gan trua gan taise a thaispeáint.

agus nuair a dhéanfaidh an Tiarna do Dhia iad a thabhairt ar láimh duit, cloífidh tú iad. Ní foláir duit iad a chur faoi bhang, agus gan aon chonradh a dhéanamh leo, ná aon trócaire a dhéanamh orthu.

Loisc íomhánna snoite a ndéithe, gan dúil a chur san airgead ná san ór a chlúdaíonn iad, ná é bhreith leat duit féin le heagla go mba ghaiste duit é, óir is gráin leis an Tiarna do Dhia é.

Ba é deonú an Tiarna a gcroíthe a chruadh chun go rachaidís chun catha in aghaidh Iosrael d'fhonn go gcuirfí gan taise faoin mbang iad agus go scriosfaí iad mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

Thréigeadar an Tiarna, Dia a sinsear, a threoraigh amach as tír na hÉigipte iad, agus leanadar déithe eile, déithe de chuid na gciníocha ina dtimpeall. D'adhradar na déithe sin agus ghriogadar an Tiarna chun feirge.

Deirim anois dá bhrí sin, ní thiomáinfidh mé amach romhaibh iad. Beidh siad agaibh mar ghéarleanúinteoirí, agus beidh a ndéithe mar ghaiste daoibh.”

phósadar iníonacha na gciníocha seo, thugadar a n‑iníonacha féin le pósadh dá mic, agus rinneadar fónamh dá ndéithe.

Rinne Gideón éafód de seo go léir agus chuir é ina chathair féin, in Ofrá. Ina dhiaidh rinne Iosrael go léir striapachas ina leith agus ba ghaiste do Ghideón agus dá mhuintir é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí