Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 7:14

An Bíobla Naofa 1981

Beidh beannacht ort thar an uile phobal; ní bheidh fireann ná baineann aimrid i measc do mhuintire ná i measc do stoic.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Bheannaigh sé iad agus chuaigh siad i líonmhaireacht; níor lig sé dá dtréada dul i laghad.

Go raibh beannacht an Tiarna anuas oraibh ón té a rinne neamh agus talamh.

Tabhartas ón Tiarna is ea an chlann; is tuarastal é toradh na broinne.

Cuirfidh mé spéis ionaibh agus déanfaidh mé rathúil líonmhar sibh agus daingneoidh mé mo chonradh libh.

Dúirt Dia le Balám: “Ná téigh leo. Na cuir mallacht ar an muintir seo óir tá siad beannaithe.”

Cuirfidh an Tiarna conách mór ort, i dtoradh do choirp, sa bhreis ar do bhólacht, agus i dtoradh d'ithreach sa tír a mhionnaigh an Tiarna do d'aithreacha a thabharfadh sé duit.

Beidh beannacht ar thoradh do choirp, ar thoradh d'ithreach, ar thoradh do airnéise, agus ar an mbreis ar do bhólacht agus ar an mbreis ar do thréad.

Cuirfidh an Tiarna do Dhia conách bláfar ar shaothar do lámh go léir, ar thoradh do choirp, ar thoradh do airnéise, agus ar thoradh do thalún. Óir tabharfaidh an Tiarna gean do do chonách arís mar a rinne le d'aithreacha,

Nach méanar duit, a Iosrael! Cé tá mar thú, pobal a d'fhuascail an Tiarna, an té is sciath do dhídine, agus claíomh do bhua. Tiocfaidh do naimhde ag lútáil ort, ach siúlfaidh tusa ar a ndroim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí