Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 6:4

An Bíobla Naofa 1981

“Éist, a Iosrael: an Tiarna ár nDia, an t‑aon Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

26 Tagairtí Cros  

Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: “Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.” Ní raibh focal as an bpobal.

Nuair a tháinig searbhóntaí an rí Hiziciá go Íseáia,

Mhol Dáiví an Tiarna i láthair an chomhthionóil ar fad agus dúirt: “Gura beannaithe thú, a Thiarna, Dia Iosrael ár sinsear, go brách na breithe.

Rinne siad teagasc in Iúdá agus leabhar dhlí an Tiarna acu agus chuaigh siad timpeall cathracha uile Iúdá ag teagasc an phobail.

Tusa amháin is Tiarna; Rinne tusa na flaithis, flaithis na bhflaitheas, lena gcóiriú go léir, An talamh agus a torthaí go léir, Na farraigí agus a bhfuil ina gcrioslach. Chuir tú anam sna nithe sin go léir; Agus cromann sluaite na bhflaitheas os do chomhair.

nuair a d'eisigh sé reachtanna do Iacób, nuair a bhunaigh sé dlí in Iosrael. D'ordaigh sé mar aithne dár n‑aithreacha an dlí seo a mhúineadh dá gclann

Óir is éachtach tú agus is iontach iad do ghníomhartha; is tú amháin is Dia ann.

Mise, arb é an Tiarna is ainm dom, ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile ná m'onóir leis na híola.

Mar seo a labhraíonn an Tiarna, rí Iosrael, agus a fhuascailteoir, Tiarna na Slua: “Is mise an tús agus an deireadh; ach mise amháin, níl déithe ar bith eile ann.

Ná bíodh uamhan ná eagla oraibh: Nár thug mé le fios agus nár fhógair mé sin daoibh fadó? Tá sibh féin in bhur bhfinnéithe agam, an bhfuil Dia eile ann seachas mé féin? Níl aon Charraig eile ann; ní eol dom a leithéid!”

Agus beidh an Tiarna ina rí ar an domhan go léir; ar an lá sin, ní aithneofar ach an Tiarna amháin mar Dhia agus ní bheidh aon ainm eile in airde ach a ainmsean.

Dúirt sé leis: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’ -

D'fhreagair sé agus dúirt: “ ‘Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d'anam go hiomlán agus ó do neart go hiomlán agus ó d'aigne go hiomlán’; agus ‘do chomharsa mar thú féin.’ ”

Is aon mise agus an tAthair.”

Is í seo an bheatha shíoraí: iad a chur aithne ortsa, an t‑aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost, a chuir tú uait.

mar níl ann ach an t‑aon Dia amháin agus fíréanóidh sé an mhuintir thimpeallghearrtha mar gheall ar a gcreideamh agus an mhuintir gan timpeallghearradh trína gcreideamh chomh maith.

Níl ann ach aon Dia amháin atá ina Athair ag cách: é os cionn cách agus ag gníomhú i gcách agus istigh i gcách uile.

tuig é seo inniu dá bhrí sin agus ding i do chroí é: Is é an Tiarna is Dia dáiríre ar neamh thuas agus ar talamh thíos; níl ann ach é.

‘Mise an Tiarna do Dhia a thug amach as tír na hÉigipte thú agus as teach na daoirse.

Mar níl ann ach aon Dia amháin, agus níl ann ach an t‑aon idirghabhálaí amháin idir Dia agus an cine daonna, mar atá an duine Críost Íosa

Creideann tú gurb aon é Dia, agus is maith mar a dhéanann tú; ach creideann na deamhain chomh maith, agus bíonn siad ar crith.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí