Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 5:2

An Bíobla Naofa 1981

Rinne an Tiarna ár nDia conradh linn ar Shliabh Horaeb.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Rinne an Tiarna conradh leo agus thug an t‑ordú seo dóibh: “Ná tugaigí ómós do dhéithe coigríocha, ná cromaigí síos rompu, ná déanaigí seirbhís ná íobairt dóibh.

Ar an tríú ré nua ó tháinig clann Iosrael amach ó thír na hÉigipte, an lá sin shroicheadar fásach Shíonái.

Ansin thóg Maois an fhuil agus chroith ar an bpobal í, agus dúirt: “Seo fuil an chonartha a rinne an Tiarna libh de réir na mbriathra seo go léir.”

Dúirt [an Tiarna]: “Féach! táim ar tí conradh a dhéanamh. Déanfaidh mé, i láthair do phobail go léir, iontais nach ndearnadh a leithéid riamh in aon tír ná in aon náisiún. An mhuintir go léir a bhfuil tú ina measc, feicfidh siad obair an Tiarna, óir is uaimhneach é a ndéanfaidh mé tríot.

a d'ordaigh mé do bhur n‑aithreacha nuair a thug mé ón bhfoirnéis iarainn iad, as críoch na hÉigipte. Umhlaígí do mo ghlóir, dúirt mise leo, déanaigí an uile ní a ordóidh mise daoibh, is ansin a bheidh sibhse in bhur bpobal agamsa agus beidh mise i mo Dhia agaibh,

ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n‑aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach as críoch na hÉigipte. Bhriseadar an conradh sin orm, gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir - an Tiarna a labhraíonn.

“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Rinne mé conradh le bhur n‑aithreacha nuair a thug mé amach as an Éigipt iad, as teach na daoirse; dúradh ann:

“Dúirt an Tiarna ár nDia linn ag Horaeb: ‘Tá moill bhur ndóthain déanta agaibh ar an sliabh seo.

Sin iad briathra an chonartha a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois a dhéanamh le clann Iosrael i dtír Mhóáb i dteannta an chonartha a rinne sé leo ag Horaeb.

Nocht an Tiarna a chonradh daoibh, agus d'ordaigh daoibh é choimeád - na Deich nAitheanta, is é sin, a scríobh sé ar dhá chlár cloiche.

Seachnaígí dá bhrí sin agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne an Tiarna bhur nDia libh, agus íomhá ghreanta a dhéanamh i gcosúlacht aon ní dár choisc an Tiarna bhur nDia oraibh.

Thionóil Maois Iosrael go léir chuige agus dúirt leo: “A Iosrael, éist leis na dlíthe agus leis na reachtanna a labhraím in bhur gcomhchlos inniu. Foghlaimígí iad agus comhlíonaigí iad le barr cúraim.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí