Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 5:10

An Bíobla Naofa 1981

ach déanaim cineáltas buan leis na mílte díobh siúd a thugann grá dom agus a choimeádann m'aitheanta.

Féach an chaibidil Cóip

22 Tagairtí Cros  

Ach maireann buanghrá an Tiarna go síoraí don dream ar a mbíonn a eagla,

Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,

leanann sé dá bhuanghrá i leith na mílte, maitheann lochtanna, coir agus peaca; ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.”

Taispeánann tú cineáltas do na mílte, ach cúitíonn tú éigeart na n‑aithreacha go hiomlán lena gclann ina ndiaidh. Dia mór, cumhachtach, arb é Tiarna na Slua a ainm!

‘Is mall é an Tiarna chun feirge, is lán é de bhuanghrá; maitheann sé coir agus peaca, ach ní fhágann sé aon ní gan díolt, ag agairt cion na n‑aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin.’

Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m'aitheanta.

Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.

Tá a fhios againn chomh maith go gcomhoibríonn Dia san uile ní leo siúd a bhfuil grá acu dó agus a bhfuil glaoite aige orthu de réir a chomhairle.

Mar in Íosa Críost is cuma an timpeallghearradh ann nó as, ach an creideamh a oibríonn trí ghrá.

Coimeád a reachta agus a aitheanta dá bhrí sin mar a thugaim duit iad inniu i dtreo go mbeidh conách ort féin agus ar do shliocht, agus saol fada agat sa tír atá á thabhairt duit go brách ag an Tiarna do Dhia.”

“Éist leis na dlíthe seo agus bí dílis dóibh agus coimeád iad agus beidh an Tiarna, do Dhia, dílis don chonradh agus don bhuanghrá a mhionnaigh sé do d'aithreacha.

Bíodh a fhios agat dá bhrí sin gur Dia dáiríre an Tiarna do Dhia, Dia dílis a choimeádann a chonradh agus a bhuanghrá ar feadh míle glúin ina leith siúd a ghránn é agus a chomhlíonann a aitheanta,

Ach an té a scrúdaíonn an dlí foirfe, dlí na saoirse, agus atá buanseasmhach, nach ndéanann dearmad ar an rud a chloiseann sé, ach a dhéanann beart, beidh sé sona ina chuid oibre.

Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.”

Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí