Agus cén cine mór a bhfuil comhfhíréan an dlí go léir, a chuir mé romhaibh inniu, de dhlíthe agus de reachtanna acu?
Tháinig tú anuas ar Chnoc Shíonái, Agus labhair tú leo ó na flaithis. Thug tú dóibh treoracha córa, Dlíthe cinnte, Reachtanna agus aitheanta maithe.
Chuir tú d'fhorálacha i bhfeidhm go cóir agus go daingean diongbháilte.
Is fíréanta iad d'fhorálacha go deo; tabhair teagasc dom agus mairfidh mé.
Is í an bhuaine buaic do bhriathair; maireann do reachtanna go brách.
Is fíor iad do phroiceapta uile - fóir orm; déantar mo chrá gan chúis.
Is eol dom go bhfuil críoch le gach foirfeacht; ach gur fada fairsing í d'aithne.
Is cumasach an chuisle atá agat, a Thiarna, is daingean do lámh, agus do dheaslámh crochta.
Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall; ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir.
Is áil leis an Tiarna, ar son na fíréantachta, a reacht a mhóradh agus a onórú.
Fiú dá scríobhfainn síos dó na mílte míle de m'aitheanta, mheasfaí mar rud iasachta iad.
Tá tairbhe mhór ann ar gach slí. Ar an gcéad dul síos is faoi chúram na nGiúdach a cuireadh ráite Dé.
agus go gcuirfidh sé thú os cionn na náisiún uile a rinne sé chun molta agus clú agus onóra; agus go mbeidh tusa i do phobal coisricthe don Tiarna faoi mar a gheall sé.”