...mac Gheibir i Rámót Gileád; ba leis bailte Iáir mac Mhanaise atá i nGileád; agus ba leis dúiche Argob atá i mBáiseán, trí fichid cathair dhaingean le ballaí agus boltaí práis.
mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fháil, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go cinniúnach, agus gan é i bhfaltanas leis roimhe sin; le teitheadh i gcathair díobhsan, d'fhéadfadh sé a anam a bhreith leis.
Lastall den Iordáin, lastoir sall ó Ireachó, san fhásach ar an ardchlár, roghnaíodar Beizir le treibh Reúbaen, agus Rámót Gileád le treibh Ghád, agus Golán i mBáiseán le treibh Mhanaise.
Tugadh do shliocht Ghéirseon, d'fhiní Léivíteach, de leath-threibh Mhanaise, an chathair thearmainn don mharfóir Golán i mBáiseán, lena thalamh féaraigh, agus Aisteárót lena thalamh féaraigh - dhá chathair.