Ar na cathracha a thabharfaidh sibh do na Léivítigh, beidh sé chathair thearmainn, mar a gceadóidh sibh don lámh dhearg teitheadh; agus ina dteannta tugaigí dhá chathair agus daichead eile.
“Ná cur isteach ar mharc teorann do chomharsan a shocraigh an mhuintir fadó, san oidhreacht a ghlacfaidh tú sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt i do sheilbh.
mar a bhféadfadh an marfóir tearmann a fháil, an té is é sin a mharaigh a chomharsa go cinniúnach, agus gan é i bhfaltanas leis roimhe sin; le teitheadh i gcathair díobhsan, d'fhéadfadh sé a anam a bhreith leis.