Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 4:25

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a ghinfear clann agus clann clainne daoibh, agus go mbíonn tamall fada caite agaibh sa tír, má dhéanann sibh claonbhearta, agus íomhá ghreanta a dhéanamh i gcló nó a chéile, ag cur olc ar an Tiarna agus fearg air,

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar na nósanna náireacha a chleacht na ciníocha a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.

Chuir siad fearg air lena scrínte sléibhe; chuir siad éad air lena ndealbha snoite.

Ná déan duit féin aon íomhá ghreanta, ná cosúlacht aon ní dá bhfuil ar neamh thuas, ná ar talamh thíos, ná sna huiscí atá faoin talamh.

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Síos leat! óir an pobal sin agat a thug tú amach as tír na hÉigipte, thruaillíodar iad féin.

D'imigh mé isteach agus dhearc; bhí péisteanna agus ainmhithe míofara de gach sórt, agus íola uile mhuintir Iosrael línithe ar an mballa máguaird.

Caithfidh mo Dhia uaidh iad, toisc gur dhiúltaigh siad éisteacht leis, agus imeoidh siad ar fán i measc na náisiún.

Tá poll domhain tochailte acu dó, faoi mar a rinneadh i nGibeá lá dá raibh. Ach coinneoidh an Tiarna cuimhne ar a n‑urchóid, agus cúiteoidh sé leo a bpeacaí.

An ag griogadh an Tiarna chun éada atáimid? Nó an amhlaidh is treise sinn ná é?

agus ná cuir suas aon ghallán, rud is fuath leis an Tiarna do Dhia.

‘Go raibh mallacht ar an bhfear a dhéanfaidh dealbh shnoite nó leáite - rud is gráin leis an Tiarna - obair lámha ceardaí, agus a chuirfidh suas i bhfolach í.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

Tiocfaidh na mallachtaí sin go léir anuas ort, leanfaidh siad thú, agus béarfaidh siad ort go dtí go scriosfar thú mar nár ghéill tú do ghlór an Tiarna do Dhia agus na haitheanta agus na reachtanna a d'ordaigh sé duit a chomhlíonadh.

Seolfaidh an Tiarna chugat chomh maith gach aicíd, gach plá nach luaitear i leabhar an dlí seo, nó go scriosfar thú.

fógraím daoibh inniu go scriosfar sibh, go scriosfar sin; is gearr é bhur seal sa tír a bhfuil tú ag dul thar Iordáin isteach ann á shealbhú.

Glaoim ar neamh agus ar thalamh chun fianaise a bhreith in bhur n‑aghaidh inniu: Chuir mé romhat bás nó beatha, beannacht nó mallacht. Beir an bheatha de rogha dá bhrí sin, i dtreo go mairfidh tú féin agus do shliocht,

Óir is maith is eol dom go ndéanfaidh sibh coirpeacht tar éis mo bháis, agus go gclaonfaidh sibh den bhealach a d'aithin mé daoibh; agus go dtiocfaidh an urchóid sa mhullach oraibh sna laethanta le teacht mar go ndearna sibh an t‑olc i láthair an Tiarna, á ghríogadh chun feirge le bhur mí-iompar.”

Rinneadar coirpeacht, an chlann a ghin sé gan cháim; ál fealltach cam iad.

féachaigí chuige nach ndéanann sibh claonbheart agus íomhá shnoite a dhéanamh daoibh féin de chló dúile ar bith, cibé acu i gcosúlacht fir nó mná é,

Seachnaígí dá bhrí sin agus ná déanaigí dearmad ar an gconradh a rinne an Tiarna bhur nDia libh, agus íomhá ghreanta a dhéanamh i gcosúlacht aon ní dár choisc an Tiarna bhur nDia oraibh.

Má bhriseann sibh an conradh a d'éiligh an Tiarna bhur nDia oraibh, agus dul agus fónamh do dhéithe eile agus sléachtadh dóibh, ansin déanfar fearg an Tiarna a adhaint in bhur gcoinne, agus scriosfar sibh go tapa de dhroim na tíre fónta a thug sé daoibh.”

Má thréigeann sibh an Tiarna chun fónamh do dhéithe coimhthíocha, iompóidh seisean oraibh agus déanfaidh sé dochar daoibh agus díothóidh sé sibh tar éis a ndearna sé de mhaith daoibh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí