Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 4:22

An Bíobla Naofa 1981

Sea, caithfidh mise bás a fháil sa tír seo gan dul thar an Iordáin anseo; ach rachaidh sibhse anonn agus gabhfaidh sibh seilbh ar an bhfearann fónta úd.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Sibhse amháin as ciníocha uile an domhain a fuair aitheantas uaim; dá bhrí sin smachtóidh mé sibh mar gheall ar bhur n‑uile pheaca.

Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir.

Óir nuair a bhí an pobal ag monabhar i m'aghaidh, rinne sibh araon ceannairc i bhfásach Zin in aghaidh m'ordú daoibh mo naofacht a fhoilsiú os comhair a súl de bhíthin an uisce.” (Uisce Mhiríbeá Cháidéis i bhfásach Zin atá i gceist.)

“Déan clann Iosrael a dhíolt ar na Midiánaigh. Ansin cruinneofar chun do mhuintire thú.”

Bhí an Tiarna i bhfearg liomsa leis de bhur mbarrsa, agus dúirt: ‘Ní rachaidh tusa ansiúd isteach ach chomh beag.

Lig anonn mé le do thoil chun an fearann fónta thar Iordáin a fheiceáil, fearann fónta an ardáin agus na Liobáine.’

Gabh suas ar mhullach Phisceá, agus féach uait siar, agus ó thuaidh, agus ó dheas agus soir; bain radharc do shúl as, óir ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, tá an t‑am ag druidim leat nuair a chaithfidh tú bás a fháil; glaoigh ar Iósua agus tagaigí i láthair i mBoth na Teagmhála go dtuga mé a threoracha dó.” Tháinig Maois agus Iósua i láthair i mBoth na Teagmhála.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí