Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 4:13

An Bíobla Naofa 1981

Nocht an Tiarna a chonradh daoibh, agus d'ordaigh daoibh é choimeád - na Deich nAitheanta, is é sin, a scríobh sé ar dhá chlár cloiche.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá thábla chloiche a chuir Maois inti i Horaeb, táblaí an chonartha a rinne an Tiarna le clann Iosrael nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.

Thug tú do phroiceapta dúinn go gcomhlíonfaí go beacht iad.

Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomsa an domhan ar fad.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Tar aníos chugam ar an sliabh, agus fan ann fad bheidh mé ag tabhairt na leaca cloiche duit, leis an dlí agus na haitheanta, a scríobh mé lena dteagasc.”

Nuair a bhí deireadh ráite aige le Maois ar Shliabh Shíonái, thug sé do Mhaois dhá chlár na Fianaise, leaca cloiche ar ar scríobhadh le méar Dé.

Dúirt an Tiarna le Maois: “Gearr anuas dhá leac cosúil leis na chéad chinn [agus tar aníos chugamsa ar an sliabh], agus déanfaidh mé na focail a bhí ar na chéad chláir a bhris tú a inscríobh orthu.

D'fhan sé ansiúd fara an Tiarna daichead lá agus daichead oíche gan greim a ithe ná bolgam a ól. Agus scríobh sé ar na leaca focail an chonartha, na Deich nAitheanta.

Iosraelaigh is ea iad; is leosan bheith ina gclann Dé; is leo an ghlóir, na conarthaí, an reacht, an liotúirge agus na gealltanais;

An córas básmhar úd a bhí greanta i litreacha ar chloch, má tháinig sé ann faoi niamhracht chomh mór sin nár fhéad clann Iosrael stánadh san aghaidh ar Mhaois mar gheall ar a ghile a bhí sí, siúd is go raibh an ghile ag tréigean,

Ansin labhair an Tiarna libh ó lár na tine; fuaim na bhfocal do chuala sibh, ach cló ní fhaca sibh; ní raibh ann ach guth.

D'ordaigh an Tiarna dom an uair sin dlíthe agus reachtanna a theagasc daoibh, a leanfadh sibh sa tír a bhfuil sibh le dul anonn á shealbhú.

“Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.

Anseo bhí altóir óir na túise agus áirc an chonartha agus í clúdaithe ar fad le hór. Istigh san áirc bhí próca óir a raibh an manna ann agus slat Árón a chuir bachlóga amach tráth agus táblaí an chonartha.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí