Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 32:9

An Bíobla Naofa 1981

Ach a mhuintir féin cuid an Tiarna, agus Iacób an oidhreacht a thit air.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Mar déanfaidh an rí rud orm agus déanfaidh sé a ionailt a fhuascailt ó lámha an té a ghearrfadh mise agus mo mhac mar aon liom amach ó oidhreacht Dé.

Duine de lucht na síthe agus na dílseachta mise in Iosrael; tá tusa ag iarraidh cathair is máthair-chathair in Iosrael a scrios; cén fáth a ndéanfá oidhreacht an Tiarna a shlogadh?”

Agus maith do do phobal na peacaí a rinneadar i do choinne, agus na cionta go léir lenar chiontaíodar i d'aghaidh, agus deonaigh go mbainfidh siad amach fabhar lucht a gcloíte ionas go mbeadh trua acu dóibh,

a “Bíodh do shúile ar leathadh i gcónaí d'impí do shearbhónta agus do phobail Iosrael, agus tabhair cluas dóibh i gcónaí nuair a ghlaofaidh siad ort.

Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail; ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.

go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat, go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail; is go ndéana mé mórtas mar aon le d'oidhreacht.

Óir roghnaigh an Tiarna Iacób, agus Iosrael ina sheilbh dó féin.

Fóir ar do phobal, tabhair beannacht do d'oidhreacht, á gcothú agus á n‑iompar go brách.

Is méanar don chine arb é an Tiarna a nDia: an cine a roghnaigh sé mar oidhreacht dó féin.

Cuimhnigh ar do chomhthionól a bhunaigh tú fadó; ar an gcine a cheannaigh tú mar oidhreacht duit féin, ar Shliabh Shíón mar a ndearna tú áras do chónaithe.

Thug sé ó chúram na gcaorach é a dhéanamh aoireacht a phobail, Iacób, agus Iosrael, a oidhreacht féin.

Tháinig scéin agus scanradh orthu; mar gur thréan í do lámh, bhíodar gan cor astu dála na cloiche; go ndeachaigh do phobal thar bráid, a Thiarna; go ndeachaigh an pobal a d'fhuascail tú thar bráid.

agus dúirt: “Má fuair mé fabhar i do láthair, a Thiarna, tagadh mo Thiarna in éineacht linn, achainím ort, fág gur ceanndána an pobal iad; ach maith dúinn ár gcionta agus ár bpeacaí, agus glac linn mar oidhreacht agat.”

Óir tá a gcinniúint uile curtha ar chrainn aige, is í a lamhsan a roinn a gcuid orthu leis an dorú. Beidh seilbh acu uirthi go deo, beidh siad ina gcónaí inti ó ghlúin go glúin.

An pobal seo a dhealbhaigh mé dom féin, déanfaidh siad mo mholadh a aithris!

Ní cosúil leo siúd “Roinn Iacóib”, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.

Thug mé sibh go tír thorthúil, a ithe a torthaí agus a maitheasa; ach níor luaithe sibh ann ná gur thruailligh sibh mo dhúiche go ndearna sibh m'oidhreacht fuafar.

Ní cosúil leo siúd ‘Roinn Iacóib’, óir is é cruthaitheoir an uile ní é, agus is é Iosrael treibh a oidhreachta. Tiarna na Slua is ainm dó.”

Sin é an fáth nach mbeidh aon duine agaibh chun dorú a leagan daoibh ar ghabháltas ar bith i gcomhthionól an Tiarna.

Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua, an té a chuir uaidh mé tar éis dom a ghlóir a fheiceáil, i dtaobh na náisiún a rinne slad oraibh: - óir aon duine a bhaineann libhse, baineann sé le himreasc a shúile -

Go soilsítear súile bhur n‑aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa

Ach is iad do phobal iad, agus d'oidhreacht, a thug tú amach le do neart agus do chumas agus le do ghéag ar tinneall.’

Nach é an Tiarna ár nDia a thug sinne agus ár sinsir aníos as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse agus a rinne na héachtaí sin inár bhfianaise, agus a chumhdaigh sinn san uile shlí a ndeachamar, agus i measc na gciníocha go léir trínar ghabhamar?

Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: “Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí