Deotranaimí 32:7An Bíobla Naofa 1981Cuimhnigh ar na laethanta a bhí, agus machtnaigh ar na blianta ó ghlúin go glúin. Cuir ceist ar d'athair agus tabharfaidh sé fios duit agus ar do sheanóirí agus cuirfidh siad ar an eolas thú. Féach an chaibidil |
Dúirt Gideón leis: “Má tá an Tiarna linn, a uasail, cén fáth, más ea, ar tharla na nithe seo uile dúinn? Agus cá bhfuil na héachtaí go léir a d'inis ár n‑aithreacha dúinn, á rá: ‘Nár thug an Tiarna amach as an Éigipt sinn?’ Ach anois tá droim laimhe tugtha ag an Tiarna linn agus táimid tugtha isteach i láimh Mhidián aige.”