Gabh suas ar mhullach Phisceá, agus féach uait siar, agus ó thuaidh, agus ó dheas agus soir; bain radharc do shúl as, óir ní rachaidh tú thar an Iordáin seo.
“Gabh suas ar Shliabh Neabó, i sliabhraon seo Abáraím, i dtír Mhóáb sall ó Ireachó; agus féach uait ar thír Chanán atáim a thabhairt mar fhearann dílis do chlann Iosrael.
Fuair na daoine seo go léir bás sa chreideamh sin gan na maitheasaí a gealladh dóibh a fháil. Ach chonaic siad uathu iad agus bheannaigh siad dóibh, mar a déarfá, agus d'admhaigh siad nach raibh iontu féin ach strainséirí agus coimhthígh ar dhroim an domhain seo.