Go dtí bhur seanaois beidh mise mar atá mé, agus go liatha bhur gceann beidh mise i mo thaca agaibh. Is é a rinne mé cheana nuair a d'iompair mé sibh; beidh mé mar thaca agaibh agus mar fhuascailt.”
gan tuisliú ach oiread le heallach ag druidim síos bun gleanna, agus spiorad an Tiarna á seoladh chun suaimhnis. Is amhlaidh sin a threoraigh tú do mhuintir chun clú agus mórcháil a thuilleamh duit féin.
Bhínn á dtarraingt chugam féin le srianta daonna, le téada grá chun iad a mhuirniú, mar a dhéanfadh duine a d'ardódh naíonán chun a leicinn; agus chromainn síos chucu chun rud le hithe a thabhairt dóibh.
Fuair tú radharc air leis san fhásach; conas mar a d'iompair an Tiarna Dia thú, faoi mar a dhéanfadh athair a mhac, an bealach go léir a ghabh sibh go dtí gur bhain sibh amach an áit seo.”
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).
Nach é an Tiarna ár nDia a thug sinne agus ár sinsir aníos as tír na hÉigipte agus as teach na daoirse agus a rinne na héachtaí sin inár bhfianaise, agus a chumhdaigh sinn san uile shlí a ndeachamar, agus i measc na gciníocha go léir trínar ghabhamar?