Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 3:6

An Bíobla Naofa 1981

Chuireamar faoi bhang iad mar a rinneamar le Síochon rí Heisbeon; chuireamar idir chathair is fhear agus bhean agus pháiste go léir faoi bhang.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ansin mhóidigh Iosrael an mhóid seo don Tiarna: “Má thugann tú an mhuintir seo ar láimh dom, cuirfidh mé a gcathracha go léir faoi bhang.”

Bhí an lámh uachtair faighte aige ar Shíochon rí na nAmórach a chónaigh i Heisbeon, agus ar Óg rí Bháiseán a chónaigh in Aisteárot agus in Eidreí.

‘Scoirigí campa agus ar aghaidh libh, agus thar sileán Arnón libh. Seo é Síochon, an tAmórach, rí Heisbeon, agus a fhearann á chur agam faoi do láimh; crom ar sheilbh a ghabháil; cuir cath air!

Ansin ghabhamar a chathracha go léir agus chuireamar na cathracha go léir faoi bhang, mar aon lena bhfir, a mná agus a leanaí; ní dhearnamar anacal,

Níor ith sibh arán; níor ól sibh fíon ná braon crua, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna bhur nDia.

Ach dúirt an Tiarna liom: ‘Ná bíodh eagla ort roimhe, óir thug mé é féin agus a mhuintir go léir agus a fhearann ar láimh duit; tabhair an íde chéanna air a thug tú ar Shíochon rí na nAmórach a mhair i Heisbeon.’

Caisil dhaingne iadsan uile le ballaí arda, geataí, agus cuaillí - gan trácht ar bhailte na bPirizeach a bhí an-líonmhar.

Thug muintir Iosrael leo mar chreach éadáil agus eallach na gcathracha sin; d'imríodar faobhar claímh ar gach daonnaí, agus scriosadar iad go léir; níor fhágadar fiú duine agus anáil na beatha ann.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí