Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 3:3

An Bíobla Naofa 1981

Thug an Tiarna, más ea, Óg rí Bháiseán agus a mhuintir uile ar láimh dúinn chomh maith agus phleancamar é go dtí nár fágadh fear inste scéil.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

agus Óg a bhí ina rí ar Bháiseán, óir maireann a bhuanghrá go brách.

Bhriseadar air dá bhrí sin, agus ar a mhic agus ar a mhuintir: níor fágadh fear inste scéil díobh. Ghabhadar seilbh ar a chríocha.

Níor ith sibh arán; níor ól sibh fíon ná braon crua, i dtreo go mbeadh a fhios agaibh gur mise an Tiarna bhur nDia.

Ach dúirt an Tiarna liom: ‘Ná bíodh eagla ort roimhe, óir thug mé é féin agus a mhuintir go léir agus a fhearann ar láimh duit; tabhair an íde chéanna air a thug tú ar Shíochon rí na nAmórach a mhair i Heisbeon.’

Ghabhamar a chathracha go léir an uair sin - níor fhágamar cathair dá gcuid nár ghabhamar - trí fichid cathair, dúiche uile Argob, ríocht Óg i mBáiseán.

agus ghabhadar seilbh ar a fhearann agus ar fhearann Óg rí Bháiseán - dhá rí na nAmórach a lonnaigh thoir lastall den Iordáin,

i mBáiseán, ríocht uile Óg a rialaigh in Aisteárót agus in Eidreí, agus arbh é iarmhar uaigneach na Rafáím é; chloígh Maois iadsan agus thiomáin as a seilbh iad.

Shín a bhfearann ó Mhachanaím thar Bháiseán go léir, ríocht Óg rí Bháiseán go léir; coilíneachtaí uile Iáír i mBáiseán, trí fichid cathair.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí