Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 3:13

An Bíobla Naofa 1981

Do leaththreibh Mhanaise thug mé an chuid eile de Ghileád, Báiseán go léir, ríocht Óg. (Tugtar tír na Rafáím ar dhúiche Argob go léir, agus ar Bháiseán go léir.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Sa cheathrú bliain déag tháinig Cadarláómar agus na ríthe a bhí i gcomhar leis agus bhuadar ar na Rafáím ag Aistearót Carnaím, ar na Zuzaím i Hám, na Héimím i machaire Chiriátáim, agus

lastoir den Iordáin; críocha Ghileád go léir, na Gádaigh, na Reúbaenaigh, na Manaisigh, óAroéir atá láimh le Gleann Arnón, Gileád agus Báiseán.

Nuair a shroich sibh an áit seo tháinig Síochon rí Heisbeon agus Óg rí Bháiseán amach chun cath a chur inár n‑aghaidh, ach bhriseamar orthu.

Ghabhamar a dtír agus thugamar é mar oidhreacht do threibh Reúbaen agus do threibh Ghád agus do leath-threibh Mhanaise.

“Nuair a ghabhamar seilbh ar an bhfearann seo ar aghaidh ó Aroéir i nGleann Arnón an uair úd, thug mé do chlann Reúbaen agus do chlann Ghád leath ardchlár Ghileád lena chathracha.

Ó ghabh Iáir mac Mhanaise dúiche Argob go léir ar aghaidh go teorainneacha na nGisiúrach, agus na Macátach, thug sé a ainm do na bailte sin ar a dtugfar go fóill Bailte Iáir.)

Ghabhamar a chathracha go léir an uair sin - níor fhágamar cathair dá gcuid nár ghabhamar - trí fichid cathair, dúiche uile Argob, ríocht Óg i mBáiseán.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí