“Nuair a ghabhamar seilbh ar an bhfearann seo ar aghaidh ó Aroéir i nGleann Arnón an uair úd, thug mé do chlann Reúbaen agus do chlann Ghád leath ardchlár Ghileád lena chathracha.
Ó Aroéir ar imeall Ghleann Arnón, agus ón gcathair i dtóin an chumair, ar aghaidh go Gileád, ní raibh cathair thar ár gcumas; thug an Tiarna ár nDia iad go léir ar láimh dúinn.
Do leaththreibh Mhanaise thug mé an chuid eile de Ghileád, Báiseán go léir, ríocht Óg. (Tugtar tír na Rafáím ar dhúiche Argob go léir, agus ar Bháiseán go léir.