Seolfaidh an Tiarna chugat chomh maith gach aicíd, gach plá nach luaitear i leabhar an dlí seo, nó go scriosfar thú.
Buailfidh an Tiarna thú le neascóidí na hÉigipte, le hothras, le méirscrí agus le tochas, gan leigheas agat dóibh.
Scarfaidh an Tiarna ó threibheanna Iosrael go léir é le haghaidh drochíde de réir mhallachtaí an chonartha atá scríofa i leabhar an dlí seo.