Má tharlaíonn go mbainfidh m'athair liom, sílfidh sé mé a bheith ag magadh faoi, agus is ní beannacht ach mallacht a thabharfaidh mé sa mhullach orm féin.”
Ár lucht faire, tá siad ar fad dall, ní léir dóibh dada! Madaí balbha iad go léir, nach féidir leo tafann. Ag brionglóideach atá siad, ina luí fúthu, a ndúil sa chodladh.
Tá beagán agam i d'aghaidh, áfach, mar tá daoine agat ansin atá ag cloí le teagasc Bhalám, an té a mhúin do Bhalac ceap tuisle a chur os comhair chlann Iosrael le go n‑íosfaidís bia íobartha d'íola agus striapachas a dhéanamh.