Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 27:13

An Bíobla Naofa 1981

Agus seasaidís seo ar Shliabh Éabál don mhallacht: Reúbaen, Gád, Áiséar, Zabúlun, Dán, agus Naftáilí.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ghabh Léá gin agus rug sí mac agus thug sí Reúbaen mar ainm air, “Mar,” a dúirt sí, “d'fhéach an Tiarna ar mo léan, agus beidh grá ag m'fhear dom anois.”

Ansin dúirt Léá: “Bhronn Dia spré mhaith orm. Tabharfaidh m'fhear onóir dom anois mar gur rugas seisear mac dó.” Thug sí Zabúlun mar ainm air dá réir sin.

Nuair a thabharfaidh an Tiarna do Dhia thú isteach sa tír ina bhfuil tú ag dul le seilbh a ghabháil air, cuirfidh tú an bheannacht ar Shliabh Gheirizím agus an mhallacht ar Shliabh Éabál.

“Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin anonn seasaidís seo ar Shliabh Girizím chun an pobal a bheannú: Símeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Iósaef, agus Biniáimin.

Labhraíodh na Léivítigh ansin agus fógraídís in ard a gcinn do na hIosraelaigh:

Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin, ní foláir daoibh na líoga seo a chur suas ar Shliabh Éabál mar a ordaím daoibh inniu, agus brat aoil a chur orthu.

Ansin Iosrael go léir, deoraí agus dúchasach, idir sheanóirí agus scríobhaithe agus bhreithiúna - sheas siad ar dhá thaobh na háirce os comhair na sagart Léivíteach a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna; bhí leath díobh os coinne Shliabh Ghirizím agus leath os coinne Shliabh Éabál faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna de chéaduair do bheannú phobal Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí