Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 27:11

An Bíobla Naofa 1981

Agus thug Maois ordú don phobal an lá céanna á rá:

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Dáréag mac a bhí ag Iacób. Seo iad clann Léá: Reúbaen, céadghin Iacóib, ansin Simeon agus Léiví, agus Iúdá, agus Íosácár, agus Zabúlun.

Leag mé cúram ar bhur mbreithiúna an uair sin: ‘Éistigí leis na caingne idir bhur mbráithre agus tugaigí breith chóir idir duine agus a bhráthair nó an coimhthíoch a chónaíonn fairis.

Géill dá bhrí sin do ghlór an Tiarna do Dhia, agus coimeád a aitheanta agus a reachtanna a ordaím duit inniu.”

“Nuair a rachaidh sibh thar Iordáin anonn seasaidís seo ar Shliabh Girizím chun an pobal a bheannú: Símeon, Léiví, Iúdá, Íosácár, Iósaef, agus Biniáimin.

Ansin Iosrael go léir, deoraí agus dúchasach, idir sheanóirí agus scríobhaithe agus bhreithiúna - sheas siad ar dhá thaobh na háirce os comhair na sagart Léivíteach a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna; bhí leath díobh os coinne Shliabh Ghirizím agus leath os coinne Shliabh Éabál faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna de chéaduair do bheannú phobal Iosrael.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí