Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 27:1

An Bíobla Naofa 1981

Thug Maois agus seanóirí Iosrael ordú don phobal: “Coimeádaigí na haitheanta uile a ordaím duit inniu.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

I láthair Iosrael go léir anois, dá bhrí sin, agus i láthair chomhthionól an Tiarna, agus in éisteacht ár nDé, comhlíonaigí agus faighigí tuiscint ar aitheanta uile an Tiarna bhur nDia, i dtreo go mbeidh an tír bhreá thorthúil seo in bhur seilbh agus go bhfágfaidh sibh mar oidhreacht é ag bhur gclann in bhur ndiaidh go brách.

ionas go gcuirfidís a ndóchas i nDia, gan oibreacha Dé a dhearmad ach a aitheanta a choimeád de shíor,

Ach dúirt sé: “Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.”

Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.

Seo iad na briathra a labhair Maois le hIosrael go léir lastall den Iordáin. (San fhásach san Arabá sall ó Shúf idir Párán agus Toifil agus Lábán agus Hazaerot agus Dí Zácháb.

agus na reachtanna agus na dlíthe go léir a chuirim romhaibh inniu a chomhlíonadh le barr cúraim.

“Ordaíonn an Tiarna do Dhia duit inniu na dlíthe agus na reachtanna seo a chomhlíonadh; ní foláir duit iad a choimeád le barr cáiréise le do chroí go hiomlán agus le d'anam go hiomlán.

agus go gcuirfidh sé thú os cionn na náisiún uile a rinne sé chun molta agus clú agus onóra; agus go mbeidh tusa i do phobal coisricthe don Tiarna faoi mar a gheall sé.”

An uair a théann sibh thar Iordáin isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit, cuir líoga móra ina seasamh agus cuir brat aoil orthu;

Coimeád le barr cúraim aitheanta an Tiarna bhur nDia, agus na reachtanna agus na dlíthe a d'ordaigh sé duit.

Óir cibé duine a choimeádann an dlí go léir ach a thuislíonn san aon phonc amháin, ciontaítear é san iomlán.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí