“Nuair a bhíonn sibhse,” ar sé, “ag déanamh curam mná cabhartha do mhná na nEabhrach, agus nuair a fheiceann sibh iad ar a leaba seoil, más mac a bhíonn ann maraígí é; más iníon, bíodh a hanam aici.”
Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”
Is maith a bhí a fhios ag maoir chlann Iosrael gurbh olc an áit ina rabhadar agus é á rá leo: “Ní dhéanfaidh sibh laghdú ar bith ar líon bhur mbrící in aghaidh an lae.”