Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 26:5

An Bíobla Naofa 1981

Ansin, i bhfianaise an Tiarna do Dhia, déan an dearbhú seo leanas: ‘Deoraí Aramaeigh a ba ea m'athair. D'imigh sé leis ó dheas chun na hÉigipte ar bheagán slua, agus chuir faoi inti; ach rinne náisiún mór cumasach líonmhar ansiúd de.

Féach an chaibidil Cóip

28 Tagairtí Cros  

Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d'ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.

ach, ina ionad sin, dul ag triall ar mo thír dhúchais agus ar mo mhuintir féin chun bean a fháil do mo mhac Íosác.”

Bhí Íosác daichead bliain nuair a phós sé Ribeacá, iníon Bhatúél an t‑Arámach as Padan Arám, agus deirfiúr Lábán an tArámach.

Thug Éasau fuath do Iacób de bharr na beannachta lenar bheannaigh a athair é, agus dúirt Éasau leis féin: “Is gearr uainn an lá ina mbeidh m'athair á chaoineadh againn, agus ansin maróidh mé mo dheartháir Iacób.”

Chuir Íosác Iacób chun siúil agus d'imigh Iacób go Padan Arám, go Lábán mac Bhatúél an tArámach, deartháir Ribeacá, máthair Iacób agus Éasau.

Bhuail Iacób bob ar Lábán an tArámach mar nár thug sé aon leid dó go raibh sé ar tí teitheadh.

Ach tháinig an Tiarna i dtaibhreamh oíche chun Lábán an tArámach agus dúirt leis: “Ná habair aon ní ar aon chor ar aon chúinse le Iacób.”

Shearg an brothall sa lá mé agus chiap an fuacht san oíche mé, agus d'fhág an codladh slán ag mo shúile.

Tugaigí a dhá oiread airgid libh; tugaigí ar ais an t‑airgead a cuireadh i mbéal bhur málaí. B'fhéidir gur dearmad é.

agus cothóidh mé ansiúd thú mar go bhfuil cúig bliana gorta le teacht fós, agus nach áil liom go luífeadh an ghannchúis ort féin ná ar do theaghlach ná ar do chuid.’

Chuir Dia mise romhaibh chun fuíoll sleachta a choimeád beo ar talamh daoibh, sea agus tarrtháil a dhéanamh ar a lán daoibh.

Rugadh mic do Iósaef san Éigipt, beirt mhac; ba é líon theaghlach Iacóib ar fad a chuaigh isteach san Éigipt, deichniúr agus trí fichid.

D'fhan Iosrael i dtír na hÉigipte i ndúiche Ghoisin, agus fuaireadar seilbh air agus bhí an rath orthu agus chuadar i líonmhaire go mór.

Leanadar ar aghaidh agus dúradar le Forann: “Thángamar chun cur fúinn tamall sa tír seo, mar níl aon fhéarach do thréada do shearbhóntaí mar tá an gorta go dian i dtír Chanán; agus anois impímid ort, lig do do shearbhóntaí fanacht tamall i dtír Ghoisin.”

Ach dá mhéad a luíodh orthu, is ea is mó a chuadar i líonmhaire agus a leathadar. Agus tháinig scanradh ar na hÉigiptigh roimh mhuintir Iosrael.

Deichniúr agus trí fichid ar fad sliocht Iacóib; bhí Iósaef cheana féin san Éigipt.

Ach bhí an rath ar shliocht Iosrael agus chuadar i líonmhaire go mór; chuadar in iomadúlacht agus i dtreise go héachtach, i dtreo gur líonadar an tír.

Gileád! is í an urchóid í! níl iontu ach calaois! I nGilgeál ofrálann siad íobairtí do thairbh! Dá bhrí sin beidh a n‑altóirí cosúil le cairn chloch i gclaiseanna na ngort.

Theith Iacób go dtí críocha Arám; bhí Iosrael ina sheirbhíseach ann ar son mná amháin, agus ar son mná eile bhí sé ina aoire caorach.

Chuaigh Iacób síos chun na hÉigipte, áit a bhfuair sé bás, é féin agus ár n‑aithreacha.

Rathaigh an Tiarna bhur nDia sibh i dtreo gur geall le réaltaí neimhe le háireamh sibh.

Fág nach raibh ach deichniúr agus trí fichid díobh ann nuair a ghabh d'aithreacha ó dheas isteach san Éigipt, rinne an Tiarna do Dhia chomh líonmhar le réaltaí neimhe thú.

Tógadh an sagart ansin an cliabh ó do láimh agus leagadh sé é os comhair altóir an Tiarna do Dhia.

“Níor thug an Tiarna grá daoibh, ná níor thogh sé sibh de bhrí gur líonmhaire sibh ná pobal ar bith eile, óir ba sibh an pobal ba shuaraí de na pobail go léir.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí