Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 26:2

An Bíobla Naofa 1981

ní foláir duit na céadtorthaí d'fhómhar na hithreach a bhainfidh tú sa tír a thabharfaidh an Tiarna do Dhia duit a chur i leataobh; cuir i gcliabh iad agus téigh chun na háite a thoghfaidh an Tiarna do Dhia mar áitreabh dá ainm.

Féach an chaibidil Cóip

33 Tagairtí Cros  

Tháinig fear ó Bhál Seáiliseá agus thug leis chun giolla Dé arán a rinneadh de na céadtorthaí, fiche builín eorna agus arbhar úr [sa dias]. “Tabhair don phobal é le hithe,” arsa Eilíseá.

A luaithe a fógraíodh an t‑ordú os ard chruinnigh na hIosraelaigh céadtorthaí an arbhair, an fhíona, na hola, na meala, agus thorthaí na talún, agus thug siad isteach deachúna de gach ní go fial.

ach gur roghnaigh mé Iarúsailéim le go lonnódh m'ainm ann agus gur roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.’

Ofráladh íobairtí móra an lá sin agus bhí lúcháir ar an bpobal mar gur mhaith an chúis lúcháire a thug Dia dóibh. Bhí lúcháir ar na mná agus ar na leanaí chomh maith agus is fada ó bhaile ab fhéidir gártha áthais Iarúsailéim a chloisteáil.

agus rinne mé socruithe faoi sholáthar an adhmaid ar uaire áirithe agus faoi na céadtorthaí. Cuimhnigh orm, a Dhia liom, ar mhaithe liom.

Altóir chré a thógfaidh sibh dom agus déanfaidh sibh bhur íobairtí loiscthe agus síochána ó bhur dtréada agus ó bhur dtáinte, a ofráil dom uirthi. Cibé áit ina mbeidh cuimhne ar m'ainm á dhéanamh, tiocfaidh mé chugat le beannacht duit.

Déan mar an gcéanna le d'eallach agus le do chaoirigh; fanadh an chéadghin seacht lá lena mháthair; ar an seachtú lá tabhair domsa é.

Coimeád féile an fhómhair freisin, féile nús do shaothair - nús a mbeidh curtha agat i do ghoirt - agus féile an chlabhsúir i ndeireadh na bliana nuair a bheidh toradh do shaothair cruinnithe agat de na goirt.

Tabhair togha céadtorthaí do ithreach go teach an Tiarna, do Dhia. Ná déan meannán a bhruith i mbainne a mháthar.

Tabhair tús do nús ó d'fhearann go teach an Tiarna do Dhia. Ná bruith meannán i bhfuil a mháthar.”

Bhí Iosrael coisricthe don Tiarna, céadtorthaí a fhómhair; Ní raibh aon duine, dár bhlais de, nár íoc as; tháinig an anachain orthu, is é an Tiarna a labhraíonn.’ ”

Óir, ar mo shliabh naofa, ar shliabh ard Iosrael - an Tiarna Dia a labhraíonn - riarfaidh muintir Iosrael go léir orm, gach duine acu atá sa tír. Fáilteoidh mé romhaibh ansin agus beidh mé ag súil le bhur mbronntanais, le togha bhur dtíolacthaí agus bhur n‑íobairtí naofa go léir.

Scoth na gcéadtorthaí de gach sórt agus an uile thabhartas de bhur n‑íobairtí uile, gheobhaidh na sagairt iad. Gheobhaidh na sagairt scoth bhur dtaois chomh mhaith, ionas go mairfidh beannacht i do theach.

Ní bheidh cead acu aon chuid de a dhíol nó a mhalartú; ní féidir an tseilbh a aistriú go brách mar tá sé naofa don Tiarna.

Ní miste iad a thabhairt chun an Tiarna mar ofráil chéadtorthaí ach nílid le dul suas mar chumhracht thaitneamhach ar an altóir.

Más céadtorthaí a bhíonn á n‑ofráil agat mar abhlann don Tiarna, ofráil, mar abhlann ó do chéadtorthaí, grán nua meilte ó dhiasa úra, agus é tíortha ag an tine.

Más naofa céadtoradh an taois, ní taise don chnapán ar fad é; agus más naofa fréamh an chrainn, ní taise do na craobhacha é.

Beannaígí freisin don eaglais ina dteachsan. Beannaígí do mo chara ionúin, Eapaenatas, an chéad duine san Áise a ghabh le Críost.

Agus ní hé an dúlra amháin atá amhlaidh ach sinne féin chomh maith; cé go bhfuil céadtorthaí an Spioraid againn cheana féin, táimidne ag cneadach freisin inár gcroí istigh agus sinn ag feitheamh le go ndéanfar clann dínn, agus go mbeidh ár gcorp fuascailte.

Ach tá Críost dáiríre aiséirithe ó mhairbh, céadtoradh na muintire atá ina gcodladh.

Beidh gach duine ina rang féin áfach; Críost an chéadtoradh; ansin nuair a fhillfidh sé aiséireoidh an mhuintir a bheidh i bpáirt le Críost;

Ar an gcéad lá den tseachtain cuireadh gach duine agaibh i dtaisce oiread agus is acmhainn dó, sa tslí nach mbeidh aon bhailiúchán le déanamh nuair a thiocfaidh mise chugaibh.

Ansin déan féile na Seachtainí a cheiliúradh don Tiarna do Dhia le hofráil dheonach a thoirbhirt ó do láimh de réir bheannacht an Tiarna ort.

ní foláir duit mar an gcéanna céadtorthaí d'arbhair, do fhíona agus d'ola, agus céadlomra do chaorach a thabhairt dó.

“Nuair a thiocfaidh tú isteach sa tír atá an Tiarna do Dhia a thabhairt duit mar oidhreacht, nuair a bheidh seilbh agat air agus tú i do chónaí ann,

Ní foláir duit dul chun an tsagairt a bhíonn in oifig ag an am agus a rá leis: ‘Fógraím inniu don Tiarna mo Dhia gur tháinig mé chun na tíre a mhionnaigh an Tiarna dár n‑aithreacha a thabharfadh sé dúinn.’

Ghin sé sinn dá dheoin féin trí bhriathar na fírinne ionas go mba céadtoradh ar shlí sinn ar ar chruthaigh sé.

Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir.

Siúd iad an dream nár truaillíodh le mná, mar is aontumhaigh iad. Iadsan lucht leanta an Uain cibé áit ina ngabhann sé. Ceannaíodh iadsan as an gcine daonna mar chéadtorthaí do Dhia agus don Uan,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí