Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 26:13

An Bíobla Naofa 1981

ansin abairse i láthair an Tiarna do Dhia: ‘Tá an chuid choisricthe go léir curtha as mo theach agam. Sea, thug mé don Léivíteach, don deoraí, agus don dílleachta í, de réir na n‑aitheanta go léir a leag tú orm; níor sháraigh mé aon aithne de do chuid, ná ní dhearna mé dearmad díobh.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Táim do mo shníomh ag méad mo dhúthrachta, mar nach cuimhin le mo naimhde do bhriathar.

Is beag is fiú mé féin, agus is suarach; ní dhearmadaim do phroiceapta.

Féach ar m'angar agus fuascail mé toisc nár dhearmad mé do dhlí.

Táim ar seachrán mar chaora fháin; bí do mo lorg; óir níor dhearmad mé riamh d'aitheanta.

Go deo ní dhéanfaidh mé dearmad ar do phroiceapta, óir is leo a thug tú beatha dom.

Ním mo lámha san ionracas, a Thiarna, agus gabhaim mórthimpeall d'altóra.

Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic, agus coinníodh do chroí greim ar m'aitheanta.

Déanaim mo dhícheall sa ghnó seo ar choinsias glan a bheith agam i gcónaí i bhfianaise Dé agus daoine.

Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.

Tá a fhios ag Dia, ag Athair ár dTiarna Íosa Críost, moladh go deo leis nach aon bhréag atáim á rá:

Ansin an Léivíteach (ós rud é go bhfuil sé gan chuid gan oidhreacht farat), agus an deoraí, agus an dílleachta, agus an bhaintreach a bhfuil cónaí orthu i do bhailte, tiocfaidh siad agus íosfaidh siad agus beidh a sáith acu. Beannóidh an Tiarna do Dhia thú dá chionn sin cibé gnó a bhíonn idir lámha agat.

“Sa tríú bliain, bliain na ndeachúna, nuair a bheidh deireadh dheachú do thorthaí go léir íoctha agat agus go mbíonn sí tugtha agat don Léivíteach, don deoraí, don dílleachta, agus don bhaintreach, agus go mbíonn sí ite acu in bhur mbailte agus go mbíonn a sáith acu,

Níor chaith mé aon chuid den deachú agus mé ag caoineadh; níor thóg mé aon chuid di agus mé neamhghlan; níor ofráil mé aon chuid di do na mairbh. Ghéill mé do ghlór an Tiarna mo Dhia; rinne mé gach ní mar a d'ordaigh tú dom.

Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libhse, a bhfuil an creideamh agaibh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí