Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 24:8

An Bíobla Naofa 1981

I gcás taom lobhra déan gach a n‑ordaíonn na sagairt Léivíteacha duit a choimeád go beacht agus a chomhlíonadh le barr cúraim; déan mar a d'aithin mé dóibh le cáiréis.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ní bheidh in easnamh ach an oiread ar shagairt na Léivíteach sliochtach fireann a sheasfaidh i mo láthairse a ofráil íobairte loiscthe, a loscadh abhlainne agus a ofráil íobairte gach lá.’ ”

Ach má bhíonn an lot le feiceáil arís ar an mball éadaigh céanna, ar an ábhar, ar an mbrat, nó ar an déantús leathair, is cuma céard é, fágann sin go bhfuil an galar beo agus ní foláir duit tine a chur lena bhfuil loite.

Tógadh an sagart fuil na híobartha seo, agus cuireadh sé cuid di ar mhaothán cluaise deise an té a bhíonn á ghlanadh, ar ordóg a láimhe deise, agus ar ordóg a choise deise.

“Bíodh sé seo mar dhlí don lobhar lá a ghlanta: Tugtar chun an tsagairt é.

á shocrú cathain is glan agus is neamhghlan dóibh. Sin é dlí na lobhra.”

Dúirt Íosa leis ansin: “Ná hinis do dhuine ar bith é, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin, agus déan an ofráil a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”

ag rá leis: “Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a d'ordaigh Maois mar fhianaise dóibh.”

Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: “Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad.

Agus thug sé ordú dó gan a insint d'aon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí