Dúirt sé leo ansin: “Bígí ar bhur gcoimeád go haireach ar an uile shórt sainte, óir, fiú amháin an té a mbíonn raidhse aige, ní thugann a chuid maoine aon áirithe ar a shaol dó.”
“Nuair a bhíonn cathair faoi léigear agat ar feadh i bhfad, agus tú á hionsaí, d'fhonn í a ghabháil, ná loit a cuid crann ag imirt faobhar tua orthu; caith a dtoradh, ach ná leag iad. An daoine daonna na crainn sa mhachaire a rá is go gcuirfeá léigear orthusan leis?
“Fear nuaphósta, ná téadh sé san arm agus ná bítear ag cur cúraimí air; fágtar sa bhaile é ar feadh bliana, saor ó dhualgais, le sólás a thabhairt don bhean a ghabh sé chuige.
Má bheirtear ar dhuine ag fuadach duine dá bhráithre, de chlann Iosrael, cibé acu le daor a dhéanamh de nó lena dhíol, ní foláir an gadaí sin a chur chun báis. Díbir an t‑olc seo ó bhur measc.
Agus ní chloisfear a thuilleadh ionat ceol na gcruitirí, ná na gcantairí, ná na bpíobairí ná na dtrumpadóirí. Ní bheidh ceardaí aon cheirde, le fáil ionat a thuilleadh; ná ní bheidh glór an mhuilinn le clos ionat feasta.