Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 24:3

An Bíobla Naofa 1981

Má thagann gráin ag an bhfear eile uirthi agus go scríobhann sé bille scartha di, agus é a thabhairt ina láimh di agus í a chur chun siúil óna theach (nó má fhaigheann an fear eile seo, a phós í, bás)

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Is amhlaidh seo a deir an Tiarna: Cá bhfuil bille dealaithe do mháthar, más ea, an dintiúr lenar chuir mé uaim í? Nó cé acu de mo chreidiúnaithe ar dhíol mé sibh leis? De dheasca bhur gcionta is ea díoladh sibh, de thairbhe bhur gcoireanna a séanadh bhur máthair.

Chonaic freisin gur mar gheall ar an uile adhaltranas a bhí déanta ag Iosrael mhídhílis a chuir mise uaim í agus thug scríbhinn dealaithe di. Níor ghabh eagla a deirfiur fhealltach Iúdá, áfach, ach d'imigh sise freisin agus d'imir an striapach.

“Dúradh fós: ‘Má scaoileann duine a bhean uaidh tugadh sé litir idirscartha di.’

Dúirt siadsan: “Thug Maois cead litir idirscartha a scríobh agus í a scaoileadh.”

“Abair gur thóg fear bean agus phós í; ach níorbh áil leis í agus fuair sé mínáire éigin le cur ina leith; agus scríobh sé bille scartha di agus thug ina láimh di é agus chuir sé chun siúil óna theach í;

d'imigh sí léi amach agus phós fear eile í.

ní ceadmhach dá céad fhear, a chuir uaidh í, í a ghlacadh ar ais anois mar bhean ós rud é gur truaillíodh í ar an gcuma seo. Óir is fuath leis an Tiarna é sin agus ná tabhair ciontacht ar an tír a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí