Ní phósfaidh siad baintreach ná bean a idirscaradh ach maighdean de shliocht mhuintir Iosrael. Tá cead acu baintreach a phósadh más baintreach sagairt í.
Ach má chailleann sí a fear nó má scarann sé uaithi, agus í gan leanbh, agus go bhfilleann sí ar theach a hathar mar a bhí aici ina hóige, ní miste di bia a hathar a chaitheamh. Ná hitheadh aon choimhthíoch é.
Ach is é a deirimse libh, gach aon duine a scaoileann uaidh a bhean, taobh amuigh de chás an striapachais, ligeann sé le hadhaltranas í, agus duine ar bith a phósann bean a scaoileadh, déanann sé adhaltranas.
Ach má tá fonn scarúna ar an gcéile díchreidmheach, imíodh sé leis; níl an bráthair ná an bhean faoi cheangal ina leithéid sin de chás mar gur chun maireachtáil go suaimhneach a ghlaoigh Dia oraibh.
“Abair gur thóg fear bean agus phós í; ach níorbh áil leis í agus fuair sé mínáire éigin le cur ina leith; agus scríobh sé bille scartha di agus thug ina láimh di é agus chuir sé chun siúil óna theach í;
Má thagann gráin ag an bhfear eile uirthi agus go scríobhann sé bille scartha di, agus é a thabhairt ina láimh di agus í a chur chun siúil óna theach (nó má fhaigheann an fear eile seo, a phós í, bás)