Más bochtán é ná codail ina gheall.
Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre, Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht.
Téann siad timpeall tarrnocht le heaspa éadaigh, Agus iompraíonn siad na punanna agus iad gan bhia.
Tiomáineann siad asal an dílleachta chun siúil, Agus tógann siad damh na baintrí mar gheall.
Caitheann siad an oíche tarrnocht, gan éadach, Gan brat lena gcosaint ón bhfuacht.
Baintear a dtalamh de leanaí gan athair, Agus tógtar [brat] an bhochtáin mar gheall.
Fan lasmuigh agus tugadh an té dá bhfuil an iasacht á tabhairt agat an geall amach chugat.
Nuair a théann an ghrian faoi, tabhair an geall ar ais dó i dtreo gur féidir dó codladh ina bhrat agus beannacht a chur ort; beidh sin ina ghníomh fónta agat i láthair an Tiarna do Dhia.
“Ná déan breith a chlaonadh i gcás deoraí ná dílleachta, agus ná tóg brat baintrí i ngeall.