“Má bhíonn iasacht d'aon sórt á thabhairt agat do do chomharsa ná téigh isteach ina theach agus a gheall a ghabháil.
Bhítheá ag éileamh geall gan chúis ar do bhráithre, Agus ag sciobadh a gcuid éadaigh ón mbocht.
óir sin a bhfuil aige d'éadach, sin é an brat a bhíonn faoina chorp aige, agus cad eile atá aige le codladh ann? Agus má ghlaonn sé orm, tabharfaidh mé cluas dó, mar is truachroíoch mé.
Ná tabhair masla do Dhia ná mallacht do rialtóir ar do phobal.
Bí fial flaithiúil leis, agus tabhair riar a cháis ar iasacht dó.
Fan lasmuigh agus tugadh an té dá bhfuil an iasacht á tabhairt agat an geall amach chugat.