Ná bíodh cead isteach i dTionól an Tiarna ag Amónach ná ag Móábach; fiú go dtí an deichiú glúin ná bíodh cead isteach go Tionól an Tiarna ag a sliocht go brách.
[Chuamar] inár láithreacha catha dá bhrí sin thíos ar chúl an bhalla mar a raibh fairsinge; d'eagraigh mé na daoine de réir fine, agus claimhte sleánna agus boghanna acu.
Ná habradh mac an eachtrannaigh a chuaigh leis an Tiarna: “Cinnte, coinneoidh an Tiarna amach as a phobal mé.” Ná habradh an coillteán: “Níl ionamsa ach crann seasc.”
I dtaobh chlann mhac Amón. Is mar seo a deir an Tiarna: “Nach bhfuil mic ar bith ag Iosrael? Nach bhfuil oidhre ar bith aige? Cad chuige a bhfuil Miolcom ina oidhre ar Ghád agus a gcónaíonn a mhuintir siúd ina bhailte?
Shín a heascairde a lámha amach chun a maoinese go léir; chonaic sise na náisiúin ag réabadh isteach ina sanctóir - an dream ar chros tú féin orthu do chomhthionól a thaithí.
Ansin dúirt an té a raibh an ceart fuascailte aige: “Ní féidir dom feidhm a bhaint as mo cheart fuascailte dá réir sin gan m'oidhreacht féin a chur i bhfiontar. Cuirse féin mo cheart fuascailte i bhfeidhm ós rud é nach féidir domsa é a dhéanamh.”