Deotranaimí 21:5An Bíobla Naofa 1981Agus tagadh clann mhac Léiví, na sagairt, i láthair mar thogh an Tiarna do Dhia iad le fónamh dó agus le beannú in ainm an Tiarna, agus is é a ngnó gach cás aighnis agus foiréigin a réiteach le breith a mbéil. Féach an chaibidil |
Cibé aighneas a chuirfear faoi bhur mbráid ó bhur mbráithre atá ag cur fúthu ina gcathracha - is cuma an ceist faoi éiric fola é nó faoin dlí, nó faoi aithne nó ordú, nó reacht - ní foláir daoibh iad a theagasc sna cúrsaí sin i dtreo nach mbeidh siad ciontach i láthair an Tiarna, agus nach dtiocfaidh a fhearg oraibh féin agus ar bhur mbráithre. Déanaigí amhlaidh agus ní bheidh sibh ciontach.
Dúirt sé liom: “Na seomraí thuaidh agus na seomraí theas os comhair an chlóis, is seomraí naofa iad, ina n‑íosfaidh na sagairt a thagann i láthair an Tiarna na nithe rónaofa. Ansin a chuirfidh siad na nithe rónaofa - an íobairt dhóite, íobairt an pheaca agus íobairt an chúitimh - mar is áit naofa é seo.