Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 21:16

An Bíobla Naofa 1981

ansin nuair a thagann an lá inar cóir dó a chuid a roinnt mar oidhreacht ar a chlann mhac, ní cóir buntáiste na céadghine a thabhairt do mhac an mhuirnín thar mhac na mná nach muirnín ós é is céadghin ó cheart;

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

“Reic liom do cheart sinsearachta ar dtús más ea,” arsa Iacób.

Bhí clann mhac ag Hosá - duine de chlann Mharáraí; Simrí an chéad duine, mar, cé narbh é an chéadghin é, rinne a athair taoiseach de.

óir d'éirigh Iúdá níos tréine ná a dheartháireacha - mar tháinig flaith ar a shliocht - ach d'fhan ceart na céadghine ag Iósaef.

Bhronn a n‑athair a lán bronntanas airgid, óir agus seod agus cathracha daingne in Iúdá orthusan, ach bhronn sé an choróin ar Iahórám mar gurbh é an chéadghin.

Mar na daoine a thogh sé roimh ré, cheap sé ó thús iad le bheith ina macasamhla dá Mhac féin sa tslí go mbeadh seisean ina chéadghin ar mhórán bráithre.

“Má bhíonn beirt bhan ag duine, agus bean acu ina muirnín agus an bhean eile gan a bheith, agus go mbeireann an muirnín agus an bhean nach amhlaidh clann dó, agus gur leis an bhean nach muirnín an chéadghin mhic,

ach admhaíodh sé mar chéadghin mac na mná nach muirnín, agus tugadh sé dúbailt roinne dó dá bhfuil aige, óir is é céadtoradh a chumais é; is leis ceart na céadghine.

Mar fhocal scoir, a bhráithre, bíodh bhur n‑aire ar an rud fíor, ar an rud uasal, ar an rud cóir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí