Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 2:7

An Bíobla Naofa 1981

Chuir an Tiarna bhur nDia a bheannacht ort i mbun do ghnothaí go léir; choimeád sé a shúil oraibh agus sibh ag gabháil tríd an bhfásach fairsing seo; bhí an Tiarna do Dhia in do choimhdeacht an daichead bliain sin; ní raibh aon ní riamh de dhíth ort.’

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

Déanfaidh mé cine mór díot agus beannóidh mé thú agus mórfaidh mé d'ainm chomh mór sin go mbeidh sé mar bheannacht ag daoine.

“Is éachtach mar a bheannaigh an Tiarna mo mháistir; is an-saibhir an fear anois é. Thug sé dó táinte agus tréada, airgead agus ór, daoir agus daoirseacha, camaill agus asail.

Chuir Íosác síol sa tír agus bhain sé fómhar faoi chéad an bhliain sin. Chuir an Tiarna a bheannacht airsean,

Ach dúirt Lábán leis: “Más ceadmhach dom é a rá! Fuair mé amach ó na tuartha gur bheannaigh an Tiarna mé ar do shon.

agus nuair a chonaic a mháistir go raibh an Tiarna le Iósaef, agus conas mar a chuir an Tiarna a bhail ar gach ní dar ghabh sé i láimh,

Ón lá a chuir sé i bhfeighil a theaghlaigh é, agus i bhfeighil a mhaoine go léir, chuir an Tiarna a bheannacht ar theaghlach an Éigiptigh ar son Iósaef. Chuir an Tiarna a bheannacht ar a mhaoin go léir istigh agus amuigh.

Chothaigh tú iad ar feadh daichead bliain san fhásach; Ní raibh aon ní de dhíth orthu; Ní dheachaigh caitheamh ar a gcuid éadaigh, Ná at ar a gcosa.

Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.

Óir is cúram don Tiarna slí na bhfíréan, ach rachaidh slí na n‑éagráifeach ar ceal.

Ghabh siad ar seachrán in uaigneas an fhásaigh; níor aimsigh siad slí chuig cathair chónaithe.

A Dhia na fírinne, is fuath leat lucht adhartha íol gan éifeacht, ach cuirimse mo dhóchas sa Tiarna.

Go dtaga grásta ár dTiarna Dia anuas orainn agus go soirbhí tú saothar ár lámh; sea, go soirbhí tú saothar ár lámh!

Bhí an manna á ithe ag clann Iosrael ar feadh daichead bliain nó go dtángadar go críocha ináitribh. Bhíodar ag ithe an mhanna nó go dtángadar go teorainn Chanán.

“Imigh agus fógair é seo in éisteacht Iarúsailéim: Seo mar a deir an Tiarna: ‘Cuimhním ar dhíograis d'óige, do ghean brídeoige an t‑am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach, i bhfearann nár cuireadh.

Is mise a rinne aoireacht ort san fhásach, i ndúiche an triomaigh mhóir.

Thug mé aníos sibh fosta ó thír na hÉigipte agus threoraigh daichead bliain san fhásach sibh chun go bhfaigheadh sibh dúiche an Amóraigh mar oidhreacht.

Labhair an Tiarna le Maois i bhfásach Shíonái, i mBoth na Teagmhála, ar an gcéad lá den dara mí sa dara bliain tar éis dóibh teacht amach as tír na hÉigipte agus dúirt:

Ach maidir libhse, titfidh bhur gconablaigh san fhásach seo agus beidh bhur gclann ina n‑aoirí san fhásach ar feadh daichead bliain, ag iompar ualach bhur mídhílseachta go sínfear an duine deireanach díbh marbh san fhásach.

Ar feadh daichead lá bhí an tír á bhrath agaibh; seasóidh gach lá do bhliain; ar feadh daichead bliain déanfaidh sibh ualach bhur bpeacaí a iompar agus beidh a fhios agaibh cad is brí le mé a shéanadh.’

Dúirt Dia le Balám: “Ná téigh leo. Na cuir mallacht ar an muintir seo óir tá siad beannaithe.”

Las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh Iosrael agus chuir sé le fán iad san fhásach ar feadh daichead bliain, go dtí gur díothaíodh an ghlúin a pheacaigh i láthair an Tiarna.

Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”

Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé.

“D'fhágamar Horaeb agus shroicheamar an fásach mór uafar a chonaic sibh. Ar aghaidh linn go harda na nAmórach mar a d'aithin an Tiarna dúinn, agus bhaineamar amach Cáidéis Bairnéa.

Is iomaí sin lá, is iomaí sin, a d'fhan sibh i gCáidéis.

Anois mhair ár seachrán ó d'fhágamar Cáidéis Bairnéa go dtí gur ghabhamar thar sileán Zeirid ocht mbliana tríochad i dtreo go raibh an ghlúin d'fheara cogaidh go léir caillte ón gcampa mar a mhionnaigh an Tiarna dóibh.

Díolaigí iad le hairgead as cibé bia a íosfaidh sibh; agus díolaigí iad le hairgead as cibé uisce a ólfaidh sibh.

ach go dtí an lá atá inniu ann, níor thug an Tiarna croí daoibh le tuiscint, ná súile le feiceáil, ná cluasa le clos.

Threoraigh mé san fhásach sibh ar feadh daichead bliain; ní dheachaigh caitheamh ar bhur gcuid éadaigh umaibh ná dreo ar do chuaráin faoi do chosa.

Mar bhí clann Iosrael ar guardal san fhásach ar feadh daichead bliain nó go raibh an pobal go léir tar éis bháis, na fir go léir is é sin, a tháinig as an Éigipt amach a bhí in aois airm a iompar, mar níor éisteadar le glór an Tiarna; thug an Tiarna mionn dóibhsean nach ligfeadh sé dóibh go deo radharc a fháil ar an tír a mhionnaigh an Tiarna dá n‑aithreacha a thabharfadh sé dóibh, tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí