Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Deotranaimí 2:5

An Bíobla Naofa 1981

Ná déanaigí iad a ghriogadh. Óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá dtailte daoibh, aon phioc fiú oiread agus leithead tráchta, mar thug mé Sliabh Shaeír do Éasau mar shealúchas.

Féach an chaibidil Cóip

13 Tagairtí Cros  

Lonnaigh Éasau dá réir sin i Sliabh Shaeír. Is é Éasau Eadóm.

Is iad seo sliocht Éasau, sinsear na nEadómach i Sliabh Shaeír.

Le mo mhórchumhacht agus le mo láimh sínte amach rinne mé an talamh, an duine agus na hainmhithe ar talamh. Agus féadaim é a thabhairt don té is maith liom.

“A mhic an duine, iompaigh i dtreo Shliabh Shaeír agus tairngir ina éadan.

Rinne sé, ó aon sinsear amháin, an cine daonna ar fad chun cónaí ar chlár an domhain, agus leag amach dóibh a dtréimhsí agus teorainneacha a gcuid fearann,

Níor thug Dia seilbh dó, áfach, ar oiread agus fód de thalamh na tíre: ach gheall sé go dtabharfadh sé dó é agus dá shliocht ina dhiaidh, siúd is nach raibh aon sliocht air san am.

faoi mar a rinne sé na Hóraigh a dhíothú as a slí roimh chlann Éasau a bhfuil cónaí orthu i Saeír, i dtreo gur chuireadar as seilbh iad agus gur chuireadar fúthu ina n‑áit agus go bhfuil siad ann go dtí an lá inniu.

Díolaigí iad le hairgead as cibé bia a íosfaidh sibh; agus díolaigí iad le hairgead as cibé uisce a ólfaidh sibh.

Nuair a bhronn an Té is Airde a n‑oidhreacht ar na ciníocha, nuair a roinn sé clann Ádhaimh, leag sé síos a dteorainneacha de réir líon chlann [Dé].

Thug mé Iacób agus Éasaú d'Íosác. Thug mé sléibhte Shaeír le sealbhú d'Éasaú, ach chuaigh Iacób agus a chlann síos chun na hÉigipte.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí