Lig dúinn gabháil trí do thír. Ní rachaimid trí ghort ná trí fhíonghort, ná ní ólfaimid uisce as tobar. Tabharfaimid bóthar an rí orainn féin gan casadh ar dheis ná ar chlé go dtí go mbeimid imithe thar do theorainneacha.”
Dúirt clann Iosrael leis: “An bóthar mór a gheobhfaimid; má ólaimid aon chuid de d'uisce, mise féin nó m'eallach, díolfaidh mé as. Lig dom gabháil tríd an tír de chois, sin uile.”