Chuireadar chun bealaigh uaidh sin agus shuíodar a gcampa lastall den Arnón. Tosaíonn an gleann fásaigh seo i gcríocha na nAmórach. Óir sí an Arnón teorainn Mhóáb, idir Móáb agus na hAmóraigh.
Ach ní ligfeadh Síochon d'Iosrael gabháil trína chríocha. Thionóil sé a chuid fear ar fad agus amach leis san fhásach in aghaidh Iosrael agus tháinig go Iáhaz, agus chuir cath ar Iosrael.
Agus dúirt an Tiarna liom: ‘Ná déan ionsaí ar Mhóáb ná é a ghriogadh chun catha, óir ní thabharfaidh mé aon phioc dá thailte daoibh, óir thug mé Ár mar shealúchas do chlann Lót.’
Ansin ghabhadar tríd an bhfásach agus timpeall ar thír Eadóm agus ar thír Mhóáb nó go rabhadar lastoir de chríocha Mhóáb. Shuigh an pobal a longfort taobh thall den Arnón, gan dul thar theorainn Mhóáb, mar is í an Arnón féin teorainn Mhóáb.